Tá sé fógartha ag tiománaithe tacsaí i mBaile Átha Cliath go bhfuil an agóid a bhí beartaithe acu an tseachtain seo chugainn curtha ar fionraí acu tar éis dóibh cuireadh chun cruinnithe a fháil ó ionadaithe an Rialtais.
Bhí na tiománaithe tacsaí le dul i mbun agóide sa chathair gach lá an tseachtain seo chugainn, idir an Luan agus an Satharn, chun aird a tharraingt ar a míshástacht faoi tháillí réamhshocraithe atá tugtha isteach ag an aipsheirbhís Uber.
Tá na tiománaithe tacsaí ag achainí ar an Aire Iompair Darragh O'Brien agus ar an Údarás Náisiúnta Iompair cosc a chur ar tháillí réamhshocraithe ach dúirt siad roimhe seo nach raibh faighte acu ón Rialtas ach an chluas bhodhar.
I ráiteas a d'eisigh cumann ionadaíochta na dtiománaithe tacsaí tráthnóna, más ea, dúradh go mbeadh comhráite acu leis an Rialtas an tseachtain seo chugainn agus tugadh le fios nach rachaidís i muinín na hagóidíochta a fhad is a bhí na comhráite sin ar bun.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ