skip to main content

Agóid 6 lá beartaithe ag tiománaithe tacsaí Bhaile Atha Cliath

'Tiománaithe tacsaí ag cailleadh airgid mar gheall ar tháillí réamhshocraithe'
'Tiománaithe tacsaí ag cailleadh airgid mar gheall ar tháillí réamhshocraithe'

Tá tiománaithe tacsaí i mBaile Atha Cliath le dul i mbun agóide sa chathair gach lá an tseachtain seo chugainn, idir an Luan agus an Satharn, le tuilleadh airde a tharraingt ar a míshástacht faoin gcreach a deir siadsan atá an aipsheirbhís Uber a dhéanamh ar a slí bheatha.

Tá go leor de na tiománaithe ag obair do Uber ach maíonn siad go bhfuil an greim á bhaint as a mbéal ag an gcomhlacht agus gan iad ach ag maireachtáil ón láimh go dtí an béal cheana féin.

Tá táillí réamhshocraithe tugtha isteach ag Uber agus deir na tiománaithe gurb é beart is deireanaí seo an chomhlachta buille maraithe na muice.

Ó thús na míosa seo caite, íocann an paisinéir táille réamhshocraithe nó an táille a thagann aníos ar an méadar ag ceann scríbe, pé acu den phéire is ísle.

Dar leis na tiománaithe, áfach, go bhfuil siad caillteach leis an socrú seo mar nach n-áirítear ann an mhoill a chuirtear orthu go minic mar gheall ar thranglam tráchta agus oibreacha bóthair.

Deir cuid de na tiománaithe go deimhin nach bhfaigheann siad in amanna ach an tríú cuid den táille a d'fhaighidís roimhe seo.

Dublin , Ireland - 23 September 2024; Minster for Housing, Local Government and Heritage of Ireland Darragh O'Brien TD before the SSE Airtricity Men's Premier Division match between Shamrock Rovers and Bohemians at Tallaght Stadium in Dublin. (Photo By Stephen McCarthy/Sportsfile via Getty Images)
An tAire Iompair Darragh O'Brien

Tá na tiománaithe tacsaí ag achainí ar an Aire Iompair Darragh O'Brien agus ar an Údarás Náisiúnta Iompair cosc a chur ar tháillí réamhshocraithe ach deir siad nach bhfuil faighte acu go dtí seo ach an chluas bhodhar.

Tá sé ráite cheana ag an Aire O'Brien agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair nach mbaineann na socruithe a dhéanann tiománaithe tacsaí agus Uber eatarthu féin, nach mbaineann siad leo.

Níl aon ghlacadh ag na tiománaithe leis sin, áfach, agus deir siad nach bhfuil aon rogha acu ach dul i muinín na hagóidíochta le tromchúis an scéil a shoilsiú.

Na sé lá idir Dé Luain 8 Nollaig agus Dé Sathairn 13 Nollaig, tiocfaidh tiománaithe tacsaí Bhaile Átha Cliath le chéile, tiomáinfidh siad go malltriallach tríd an gcathair taobh le taobh agus ina scuaine, agus páirceálfaidh siad gan bhogadh go ceann scaithimh i lár na cathrach.

Deir na tiománaithe go bhfuil lucht tacsaí i nGaillimh agus i Luimneach ag tacú leo agus an bhéim síos chéanna tugtha ag Uber dóibhsean chomh maith.

Os a choinne sin ar fad, maíonn Uber gur mór an gar na táillí réamhshocraithe mar gur mó an fonn a bhíonn ar dhaoine tacsaí a fháil nuair a bhíonn a fhios acu roimh ré cé mhéad a bheas le híoc acu agus go bhfaigheann tiománaithe níos mó oibre dá réir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ