skip to main content

'An dara suíomh adhlactha' faighte i dTuaim

Táthar i mbun tochailte ar an láthair i dTuaim ó mhí an Mheithimh seo caite
Táthar i mbun tochailte ar an láthair i dTuaim ó mhí an Mheithimh seo caite

Tá tuilleadh uaigheanna faighte san áit a mbíodh an t-áras máithreacha agus naíonán i dTuaim i gCo na Gaillimhe.

Fuarthas cónraí agus cnámhiarsmaí cheathrar naíonán ar shuíomh nár scrúdaíodh cheana.

Is cosúil gur suíomh adhlactha ar leith atá i gceist – ní hionann agus reilig – agus nach bhfuil sé bainteach le suíomh eile a scrúdaíodh roimhe seo.

Tá an dá shuíomh tuairim is 100 méadar óna chéile.

Idir 1925 agus 1961 a bhí an t-áras máithreacha agus naíonán ag feidhmiú, ach beairic a bhí ann roimhe sin agus teach na mbocht roimhe sin arís.

Tá an lucht tochailte den bharúil, más ea, go mbaineann na huaigheanna is deireanaí atá faighte acu le ré an árais máithreacha agus naíonán.

Cuireadh tús leis an tochailt ar an láthair i mí an Mheithimh seo caite le súil teacht ar chnámhiarsmaí cuid de na leanaí a bhí san áras sin agus a adhlacadh ann.

Meastar go nglacfaidh an próiseas ar fad – idir thochailt, dhí-adhlacadh agus eile – go nglacfaidh sé dhá bhliain san iomlán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ