Tá Éire agus ballstáit eile an Aontais Eorpaigh ag cuimhneamh ar chosc a chur ar dhaoine óga faoi aois áirithe clárú leis na meáin shóisialta, leithéidí TikTok, Instagram agus Facebook, agus aon fháil a bheith acu orthu.
Níl an plé ach ina thús agus dúirt urlabhraí ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt go mb'fhearr na ballstáit ar fad a bheith ar aon intinn faoi chosc mar é agus nár mhór cearta leanaí agus daoine óga a chur san áireamh in aon chinneadh a dhéanfaí.
Thug an t-urlabhraí le fios gur fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula van der Leyen trí mhí ó shin go mbunódh sí coiste saineolaithe leis an gceist a iniúchadh agus le comhairle a chur uirthi ina leith.
Imní faoin méid ama a chaitheann daoine óga ar na meáin shóisialta éagsúla is siocair leis an ngiorria a bheith curtha ina shuí.
Tá an cheist faoi iomrá i láthair na huaire tar éis don Astráil cosc a chur ar dhaoine óga faoi shé bliana déag d'aois clárú leis na meáin shóisialta ón gCéadaoin seo chugainn ar aghaidh, an chéad tír ar domhan le beart mar é a thabhairt isteach.
Tá próiseas díchláraithe curtha sa siúl cheana féin ag Meta san Astráil.
Is féidir fíneáil €28 milliún a ghearradh ar chomhlachtaí teicneolaíochta sa tír sin mura ndéanfaidh siad amhlaidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ