Tá sé deimhnithe ag RTÉ nach mbeidh aon bhaint ag an eagraíocht leis an gComórtas Amhrán Eoraifíse in 2026 tar éis d'Aontas Craoltóireachta na hEorpa cead a thabhairt d'Iosrael páirt a ghlacadh ann.
Ní bheidh aon iarrthóir ag Éirinn sa chomórtas a bheas ar siúl i Vín san Ostair agus ní chraolfar é ar RTÉ.
Ní údar iontais an scéala ó bhí sé tugtha le fios ag RTÉ trí mhí ó shin agus ag craoltóirí sa Spáinn, sa tSlóivéin, san Íoslainn agus san Ísiltír go ndéanfaidís baghcat ar an gcomórtas dá dtabharfaí cead d'Iosrael páirt a ghlacadh ann.
Dúirt RTÉ ag an am nach mbeadh sé ceart ná cóir ag an eagraíocht páirt a ghlacadh sa chomórtas in éineacht le hIosrael i bhfianaise an oiread daoine a bheith á marú ag na hIosraelaigh in Gaza, idir shibhialtaigh agus iriseoirí, gan trácht ar an ngéarchéim dhaonnúil atá sa limistéar Palaistíneach.
I ráiteas tráthnóna, dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst nár athraigh dearcadh na heagraíochta idir dhá linn agus d'athdhearbhaigh sé an méid a bhí sa ráiteas deireanach.
Pléadh an chonspóid i gcruinniú d'Aontas Craoltóireachta na hEorpa sa Ghinéiv inniu.
Bhí caint ar vóta a chaitheamh ar an gceist sa chruinniú ach ní dheachthas chun cinn leis ó bhí formhór na na n-ionadaithe a bhí i láthair ag iarraidh go nglacfadh Iosrael páirt sa chomórtas amhrán.
Bhí an tAontais leis an gceist a phlé an mhí seo caite ach cuireadh an cruinniú siar go dtí inniu nuair a fógraíodh sos cogaidh in Gaza i mí Dheireadh Fómhair.
Chomh maith le Gaza, bhí amhras caite ag craoltóirí san Eoraip ar dhlisteanacht na vótála sa Chomórtas Eoraifíse agus é á líomhain go raibh tíortha éagsúla – Iosrael ina measc – ag caitheamh líon mór vótaí bréige ar a son féin.
Glacadh sa chruinniú inniu le leasuithe a rinneadh ar an gcóras vótála le gairid ach níl sé soiléir cé chomh slán ó mhí-ionramháil agus atá an córas úr.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ