Bhí ardú de 35% ar an líon fógraí imeachta a thug tiarnaí talún do thionóntaí sa tríú ráithe den bhliain i gcomórtas leis an tréimhse chéanna anuraidh, de réir figiúirí nua ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe.
Is 5,405 fógra imeachta a tugadh do thionóntaí idir Iúil agus Meán Fómhair i mbliana, agus is ar an mbonn go raibh rún ag an tiarna talún an mhaoin a dhíol a tugadh 61% de na fógraí sin.
Meastar go bhfuil baint ag an ardú suntasach atá tagtha ar fhógraí imeachta le rialacha nua atá le cur i bhfeidhm an t-earrach seo chugainn agus a bhfuil col leo ag tiarnaí talún nach bhfuil acu le ligean ar cíos ach áit nó dhó.
Mar leis na rialacha nua sin, cuir i gcás, ceanglófar ardú ar chíos den ardú ar ráta an bhoilsicthe, é sin nó ardú bliaintúil de 2% ar a mhéid, pé acu is ísle.
Dar le Rosemary Steen ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe cé gur údar imní an t-ardú ar an líon fógraí imeachta gur den ghnás é tiarnaí talún ag imeacht ón earnáil cíosa.
Dúirt an tAire Tithíochta James Browne nár mhór aird a thabhairt sna figiúirí nua ar an ardú atá tagtha ar an líon tionóntachtaí in ainneoin an líon tiarnaí talún a bheith ag ísliú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ