Tá sé tugtha le fios ag Coimisinéir na hÉireann san Aontas Eorpach Michael McGrath go bhfuil sé molta ag Coimisiún na hEorpa síneadh a chur leis an gcead atá ag feirmeoirí sa tír seo níos mó níotráití, is é sin ábhar aoiligh, a leathadh ar a gcuid talún ná feirmeoirí i ngach ballstát eile.
Is chun uisce a chosaint ar thruailliú atá teorainn curtha ag an Aontas Eorpach leis an méid níotráití is féidir le feirmeoirí a chur ar an gcuid talún agus fágann sin nach féidir le feirmeoirí an oiread beostoic a choimeád agus ba mhaith leo.
Tá maolú ón treoir seo faighte ag feirmeoirí in Éirinn de bhrí go bhfuil rathúnas eacnamaíochta na tíre i ngeall cuid mhór ar an earnáil déiríochta agus ar an earnáil mairteola.
Mar chúiteamh ar an maolú sin, áfach, caithfimid a chruthú go bhfuilimid ag dul i ngleic le truailliú uisce agus ag cur feabhas ar chaighdeán an uisce i ndobharlaigh an Stáit.
Dealraíonn sé, áfach, nach bhfuilimid ag comhall ár mbriathair chomh maith agus ba chóir dúinn sa mhéid sin.
Deirtear i dtuarascáil a d'fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil an mhí seo caite gur ag meath i gcónaí atá caighdeán an uisce i leath na n-aibhneacha agus lochanna sa Stát in ainneoin nach bhfuil an oiread truailleán ó fheirmeacha á sceitheadh iontu agus a bhíodh.
Cé gur lú fosfar agus nítrigin a ligtear chun srutha ó fheirmeacha ar na saolta seo, de réir na tuarascála, tá leibhéil na leasachán ceimiceach sin i ndobharlaigh i bhfad ró-ard fós.
Thug Michael McGrath le fios inniu cé go bhfuil Coimisiún na hEorpa ag moladh síneadh a chur leis an maolú atá ag an tír seo go gcaithfidh gach ballstát eile é a cheadú freisin.
Ceapann sé, ar sé, go bpléifidh na ballstáit eile an cheist i lár na míosa seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ