skip to main content

Hong Cong: 279 duine fós ar iarraidh tar éis dóiteáin ollmhóir

TAI PO, HONG KONG, CHINA - NOVEMBER 27: Rescue efforts continue at the Wang Fuk Court residential buildings as death toll rises to 55, in Tai Po, Hong Kong, on November 27, 2025. At least 55 people have been found dead in fire accident according to a pres
An milleán faoin dóiteán sna bloic árasán i Hong Cong á chur ar chomhlacht tógála

Áirítear 279 duine a bheith ar iarraidh fós tar éis an dóiteáin ollmhóir a tharla i mbloic árasán i Hong Cong inné.

Maraíodh 75 duine ar a laghad agus gortaíodh ceithre scór eile nuair a chuaigh na bloic árasán trí thine i dtuaisceart Hong Cong go gairid roimh 3 a chlog am na háite tráthnóna inné.

Ocht mbloc árasán a raibh 4,600 duine ina gcónaí iontu atá ar an suíomh.

Mar leis na daoine atá ar iarraidh, deirtear go mb'fhéidir go bhfuil roinnt acu fós ina mbeatha i gcuid de na hárasáin ar na hurláir uachtaracha agus tá na seirbhísí éigeandála ar a ndícheall ag iarraidh teacht orthu.

Táthar ag cur an mhilleáin faoin dóiteán ar chomhlacht tógála a bhí ag déanamh obair athchóirithe sna bloic árasán le tamall.

Bhí scafall bambú agus mogall plaisteach curtha suas leis na ballaí ag na tógálaithe, ábhair thar a bheith so-lasta ar leath an tine agus an deatach plúchtach go tréan agus tiubh dá mbarr.

Tá triúr feidhmeannach ón gcomhlacht tógála gafa faoin tubaiste ag na póilíní.

Tógadh na hárasáin i 1983 agus is daoine a bhí ag fáil fóirdheontas úinéireachta ó rialtas Hong Cong a bhí ina gcónaí iontu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ