skip to main content

Hong Cong: 279 duine fós ar iarraidh tar éis dóiteáin ollmhóir

An milleán faoin dóiteán sna bloic árasán i Hong Cong á chur ar chomhlacht tógála
An milleán faoin dóiteán sna bloic árasán i Hong Cong á chur ar chomhlacht tógála

Áirítear 279 duine a bheith ar iarraidh fós tar éis an dóiteáin ollmhóir a tharla i mbloic árasán i Hong Cong inné.

Maraíodh 55 duine ar a laghad agus gortaíodh ceithre scór eile nuair a chuaigh na bloic árasán trí thine i dtuaisceart Hong Cong go gairid roimh 3 a chlog am na háite tráthnóna inné.

Ocht mbloc árasán a raibh 4,600 duine ina gcónaí iontu atá ar an suíomh.

Mar leis na daoine atá ar iarraidh, deirtear go mb'fhéidir go bhfuil roinnt acu fós ina mbeatha i gcuid de na hárasáin ar na hurláir uachtaracha agus tá na seirbhísí éigeandála ar a ndícheall ag iarraidh teacht orthu.

Táthar ag cur an mhilleáin faoin dóiteán ar chomhlacht tógála a bhí ag déanamh obair athchóirithe sna bloic árasán le tamall.

Bhí scafall bambú agus mogall plaisteach curtha suas leis na ballaí ag na tógálaithe, ábhair thar a bheith so-lasta ar leath an tine agus an deatach plúchtach go tréan agus tiubh dá mbarr.

Tá triúr feidhmeannach ón gcomhlacht tógála gafa faoin tubaiste ag na póilíní.

Tógadh na hárasáin i 1983 agus is daoine a bhí ag fáil fóirdheontas úinéireachta ó rialtas Hong Cong a bhí ina gcónaí iontu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ