Maraíodh 36 duine ar a laghad nuair a chuaigh bloic árasán trí thine i Hong Cong. Gortaíodh na scórtha freisin agus tá beagnach 300 eile ar iarraidh.
32 stór atá i ngach ceann de na bloic árasán atá suite i dtuaisceart Hong Cong.
Ocht mbloc a bhfuil 2,000 árasán iontu san iomlán atá ar an suíomh agus tuigtear gur seacht gcinn acu a chuaigh trí thine.
Bhí obair athchóirithe ar siúl sna bloic agus bhí scafall bambú agus mogall tógála buailte suas leis na ballaí.
Leath lasracha na tine agus an dúdheatach go mear, áfach, nuair a las an bambú agus an mogall a raibh ábhar plaisteach ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ