Tá síneadh gan ceapadh lae curtha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump leis an spriocdháta a bhí fógartha aige roimhe seo faoina gcaithfí glacadh lena phlean síochána maidir leis an gcogadh san Úcráin.
Amárach Déardaoin lá an chaighdeáin roimhe seo ach thug Trump le fios aréir gurb é an lá a bheas an cogadh thart, gurb é sin an spriocdháta nua i ndáiríre – cibé uair é féin.
Lá an Altaithe, lá saoire i Meiriceá, atá sa lá amárach ar aon chuma agus is ag caint ar a bhealach go dtí a eastát in Florida a bhí Trump.
Dúirt Trump chomh maith go raibh dul chun cinn á dhéanamh sna comhráite a bhí ar bun idir ionadaithe Mheiriceá agus oifigigh ón Rúis agus ón Úcráin.
Mhaígh sé gur ghéill an Rúis beagán d'éilimh an taoibh eile ach níor thug sé aon sonraí faoi sin.
Dheimhnigh sé freisin go mbeadh cruinniú ag a ionadaí Steve Witkoff le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin i Moscó an tseachtain seo chugainn agus dúirt go mbeadh baint ag a chliamhain Jared Kushner leis an gcruinniú.
Táthar imníoch, áfach, go bhfuil plean síochána Trump chomh ginearálta agus chomh neamhphointeáilte sin nach bhfuil aon téagar ann agus nach bhfuiltear ach ag plámás leis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ