Tá sé deimhnithe ag an Roinn Talmhaíochta go bhfuil ráig de fhliú na n-éan ar fheirm turcaithe i gCo Laoise.
Tuigtear go bhfuil 30,000 turcaí ar an bhfeirm atá suite gar do Bhaile Briotáis.
Mar atá sainordaithe i gcásanna mar é, tá ceantar cosanta agus ceantar faireachais bunaithe timpeall na feirme le súil an ráig a choinneáil faoi smacht.
Tri chiliméadar ar a fhad i ngach treo atá an ceantar cosanta, deich gciliméadar ar a fhad atá an ceantar faireachais.
Ina cheann sin, tá ordú i bhfeidhm ón 10 Samhain ar fud an Stáit éanlaith chlóis agus éin a choinneáil i gcróite faoi dhíon.
Bhí trí ráig den fhliú éanúil ar fheirmeacha turcaithe an mhí seo cheana, mar a bhí, i gCo Mhuineacháin, i gCo na Mí agus i gCo Cheatharlach.
Cuirtear 1.5 milliún turcaí ar an margadh sa tír seo aimsir na Nollag agus tá an-imní go deo ar tháirgeoirí faoina bhfuil i ndán dóibh i mbliana.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ