skip to main content

'Caifeachas an Rialtais' cáinte ag an gComhairle Bhuiséadach

"Rialtas ag caitheamh airgid mar a bheadh Dia á rá leo!" – Comhairle Bhuiséadach
"Rialtas ag caitheamh airgid mar a bheadh Dia á rá leo!" – Comhairle Bhuiséadach

Tá sé tugtha le fios ag Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann nach bhfuil an Rialtas leis an oiread cáin chorparáideach a chur i dtaisce an chéad bhliain eile agus a chuirtí cheana.

I dtuarascáil nua, deir an Chomhairle go dtitfidh an céatadán ó 32% i mbliana go dtí 15% in 2026 mar go bhfuil an Rialtas ag caitheamh airgid faoi mar a bheadh Dia á rá leo!

Níl an Chomhairle sásta ach an oiread nach bhfuil an Rialtas ag breathnú níos faide chun cinn ná 2026 ó thaobh cúrsaí buiséid de.

Níl aon ghar i mbuiséadú ó bhliain go bliain, dar leis an gComhairle, agus tá ag an Rialtas soláthar a dhéanamh i gcomhair caiteachais i bhfad níos luaithe ná mar is gnách leo faoi láthair.

Ar a mhuin sin, tá an Coimisiún Eorpach fós ag fanacht le plean fioscach meántéarmach a fháil ón Rialtas, arsa an Chomhairle.

Mar fheagra ar an méid sin ar fad, dúirt Simon Harris gurbh é an rud ba thábhachtaí a bhí le déanamh aige mar Aire Airgeadais ná plean eacnamaíochta meántéarmach a leagan amach.

Thug sé le fios go raibh rún aige an plean sin a bheith dréachtaithe aige faoi dheireadh na bliana.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ