skip to main content

Fear maraithe in Fear maraithe in ionad Tayto i gCo na Mí

Ionad Tayto i gCill Dhéagláin i gCo na Mí
Ionad Tayto i gCill Dhéagláin i gCo na Mí

Maraíodh fear sna seascaidí i dtubaiste a tharla in ionad an chomhlachta Tayto i gCill Dhéagláin i gCo na Mí ar maidin inniu.

Deir Tayto nach fostaí dá gcuid féin a bhí san fhear agus go raibh sé ag obair do sholáthraí neamhspleách prátaí.

Bhásaigh an fear ar an láthair agus tugadh a chorp go dtí Ospidéal Mhuire san Uaimh, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis air.

Tá an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta ag fiosrú na tubaiste.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ