skip to main content

Bean dóite go han-dona in ionsaí peitril i mBaile Átha Cliath

Ionsaíodh an bhean nuair a d'oscail sí doras a tí i Mulláin na Darach i gCluain Dolcáin ag thart ar 10 a chlog ar maidin
Ionsaíodh an bhean nuair a d'oscail sí doras a tí i Mulláin na Darach i gCluain Dolcáin ag thart ar 10 a chlog ar maidin

Dódh bean go dona nuair a caitheadh peitreal léi agus a lasadh í ina teach cónaithe i gCluain Dolcáin in iarthar Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu.

Tharla an t-ionsaí in eastát Mhulláin na Darach ar Bhóthar an Bhútaigh ag 10.10 ar maidin.

Buaileadh cnag ar dhoras an tí agus a luaithe a d'oscail an bhean é is amhlaidh a spréachadh an peitreal uirthi agus a lasadh í.

Chuir na seirbhísí éigeandála cóir leighis ar an mbean ar an mball agus tugadh í ina dhiaidh sin go hOspidéal na hOllscoile, Tamhlacht, áit a bhfuil sí an-dona tinn.

Gortaíodh fear freisin san ionsaí.

Bhí roinnt daoine eile sa teach ag an am ach tuigtear nár gortaíodh aon duine acusan.

Deir na Gardaí gur ionsaí gránna, scéiniúil a bhí ann a rinneadh le mírún.

Ceapann siad go mb'fhéidir go bhfuil baint ag drugaí leis an scéal.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ