Tá an bheirt fhear a maraíodh i dtimpiste bóthair a bhí i gCo na Mí inné ainmnithe go háitiúil ó shin.
B'in iad Wesley O'Reilly as na Sceirí i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus Paul Conway as Baile an Tallúnaigh i gCo Lú.
Bhí Wesley O'Reilly ag tiomáint leoraí agus bhí Paul Conway ag tiomáint bus nuair a bhuail an dá fheithicil sin agus gluaisteán faoina chéile ar bhóthar an R132 i mBaile Mhic Gormáin ag thart ar 6.30 ar maidin inné.
Sna daichidí a bhí Wesley O'Reilly agus sna caogaidí a bhí Paul Conway.
Gortaíodh go han-dona an bhean a bhí ag tiomáint an ghluaisteáin agus cailín sna déag a bhí sa ghluaisteán léi.
Gortaíodh freisin roinnt de na paisinéirí a bhí ar an mbus, ar le Bus Éireann í, ach deirtear nach bhfuil aon duine acu go dona tinn.
Tá na Gardaí i gCill Dhéagláin ag fiosrú na tubaiste ach ní fíos fós cad ba shiocair leis an mbrúscán.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ