skip to main content

Ó Cadhain agus 'a dhiongbháil Bhriotánach' tugtha le chéile i leabhar nua

Diskan-Agallamh is teideal don teaglaim nua dátheangach (Coiscéim / Al Liamm)
Diskan-Agallamh is teideal don teaglaim nua dátheangach (Coiscéim / Al Liamm)

I gConamara tráthnóna inniu, seolfar leabhar nua a chaitheann léas solais ar ghné de shaothar Mháirtín Uí Chadhain a mb'fhéidir nach mbeadh cur amach ag mórán uirthi, agus ar shaothar a chomhbhráthar Cheiltigh, an scríbhneoir as an mBriotáin Jakez Riou (1899-1937).

Diskan-Agallamh is teideal don leabhar nua, cnuasach dátheangach gearrscéalta Briotáinise-Gaeilge atá curtha in eagar ag Éamon Ó Ciosáin, iarléachtóir le Briotáinis in Ollscoil Mhá Nuad, agus atá comhfhoilsithe ag Al Liamm sa Bhriotáin agus ag Coiscéim in Éirinn.

Áirítear sa leabhar ceithre ghearrscéal le Jakez Riou sa Bhriotáinis agus na haistriúcháin Ghaeilge a rinne Máirtín Ó Cadhain orthu idir 1948 agus 1950 i gcomhar le Gwion Hernot, náisiúnaí Briotánach as Lambezelleg in aice le Brest a tháinig go hÉirinn ina dhídeanaí polaitiúil iarchogaidh i 1946.

I gceann na gceithre scéal sin, tá leagan Briotáinise sa teaglaim ar an ngearrscéal Glantachán Earraigh leis an gCadhnach – chomh maith leis an mbunleagan Gaeilge – gearrscéal an-ghearr go deimhin, ach nach measaide é é sin gan amhras.

MÓC
Máirtín Ó Cadhain

Foilsíodh na ceithre aistriúchán Gaeilge ar na gearrscéalta Briotáinise sna hirisí Comhar agus Feasta in Éirinn idir Deireadh Fómhair 1948 agus Nollaig 1950, agus foilsíodh an t-aistriúchán Briotáinise ar Glantachán Earraigh san iris Al Liamm sa Bhriotáin Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1949. Dála an scéil, fágann sin gur sa Bhriotáinis a foilsíodh Glantachán Earraigh i dtosach arae is cosúil nár foilsíodh an leagan Gaeilge go dtí 1951.

Leagan amach comhthreomhar atá ar an leabhar nua – Briotáinis ar an leathanach ré-uimhreach, Gaeilge ar an leathanach corruimhreach – áis foghlama don dream ar mhian leo an dá theanga a chur i gcomórtas, a deir Éamon Ó Ciosáin.

Sa Réamhrá, ar an-phíosa taighde é, deir Ó Ciosáin gur casadh an Cadhnach agus Gwion Hernot ar a chéile a chéaduair i mBaile Átha Cliath i 1946.

Thug an Cadhnach lóistín do Hernot agus ó bhí spéis ag an mbeirt sna rudaí céanna – an Bhriotáinis ina measc – ní foláir nó tharraing siad go maith le chéile ón tús.

Dealraíonn sé go raibh siad chomh beo-intinneach lena chéile agus gur duine an-suáilceach freisin ab ea Hernot, ar mhúinteoir meánscoile é.

Gwion Hernot
Gwion Hernot

Siúd is gur thosaigh an Cadhnach ar Bhriotáinis a fhoghlaim nuair a bhí sé i ngéibheann i gCampa an Churraigh le linn an Dara Cogadh Domhanda, mhúin Hernot tuilleadh den teanga sin dó agus shocraigh siad ar roinnt de ghearrscéalta Riou a chur ar fáil i nGaeilge.

Cainteoir dúchais Briotáinise as Lothei i gceantar Kerne ab ea Riou. Ba de phlúr scríbhneoirí na Briotáinise é a bhain le gluaiseacht nualitríochta na teanga sin, Gwalarn, a tháinig chun cinn i lár na 1920idí.

Bhí go leor cosúlachtaí stíle agus ábhar idir shaothar Riou agus an pháirc thorthúil litríochta a bhí an Cadhnach a threabhadh ag an am, lena n-áirítear bríomhaireacht, súgradh is dáiríre agus coimhlint aicmeach, a deir Ó Ciosáin.

Dar leis go deimhin gur "aithin an Cadhnach a mhacasamhail agus a dhiongbháil féin de scríbhneoir. Aithníodh máistreacht liteartha Jakez Riou ar an teanga lena bheo ..., an friotal an-saibhir, liriciúil a bhí aige agus súil an ealaíontóra sa chur síos ar dhúile beo agus tírdhreach na Briotáine. Tá idir chaint na ndaoine agus foirmeacha liteartha ina chuid scríbhneoireachta, ar an dul céanna leis an gCadhnach ... ".

Jakez Riou
Jakez Riou

Mar le cúlra na ngearrscéalta in Diskan-Agallamh, i dtrí cinn acu is buaicthráthanna agus laethanta cátúla shaol traidisiúnta na tuaithe atá i gceist, mar atá, baint an fhómhair, Féile Chorp Críost agus Féile San Seáin.

Chaithfeadh sé gur bhain an Cadhnach pléisiúr faoi leith as an gcuntas ar thine chnámh na Féile San Seáin i dtríú scéal an chnuasaigh nua – Lan, Reacaire na Luaithre – ós gnás tábhachtach cultúrtha agus sóisialta í i gConamara freisin.

Feasta1
Feasta, Aibreán 1949

Agus a chion féin den obair aistriúcháin ar bun aige, is léir nach thar a bhaint a bhí an Cadhnach ós i muinín na mbunleaganacha Briotáinise de scéalta Riou a bhí sé.

Cé go raibh an Béarla agus an Fhraincis mar áis freisin ag an mbeirt aistritheoirí, deir Ó Ciosáin "go raibh [an Cadhnach] tagtha isteach go maith [ar an mBriotáinis]".

Go deimhin, bhí an Cadhnach chomh tógtha leis an mBriotáinis sna blianta sin gur áirigh sé í, mar is eol don bhuíon mhór, san imeartas focal il-idirtheangach, an clisiam cliste faoin gcollóiciam Ceilteach, in Eadarlúid 8 (4) in Cré na Cille.

Eamon O Ciosain
Éamon Ó Ciosáin

Fuair Gwion Hernot bás i dtimpiste marcaíochta i mBaile Átha Cliath mí an Mheithimh 1950 in aois a dheich mbliana is fiche.

I ndréacht molta a foilsíodh in Comhar an mhí dar gcionn, dúirt an Cadhnach "[s]ílim nár chualas ariamh duine ba ghlé ghrinne machnamh ná é i dtaobh rud ar bith a ndíreodh sé éirim air". Áirítear an dréacht molta sin, mar aon le haistriúchán Briotáinise Uí Chiosáin, i ndeireadh Diskan-Agallamh.

Dála an scéil eile, i measc na ndaoine a bhí ar shochraid Hernot, de réir ar tuairiscíodh ar an Irish Independent ag an am, bhí Seán Óg Ó Tuama, An Rathailleach, Cearbhall Ó Dálaigh, An Seabhac, Don Piatt, Tomás de Bhaldraithe, Dónall Ó Móráin, Flann Ó Briain, Brian Ó Cuív agus Seán Ó hÉigeartaigh.

Ar éag dá chomrádaí shíothlaigh freisin an dúthracht a bhí caite ag an gCadhnach leis an mBriotáinis go nuige sin.

D'imigh seo, tháinig siúd agus a mhalairt go cruinn agus ní raibh sé d'am ná d'acmhainn aige, cad eile, buinneán na Briotáinise a thabhairt i gcrann corónta agus a chomhpháirtí intleachtúil spreagúil ar lár.

Ina dhiaidh sin, dar ndóigh, tá taoisleann i rogha na healaíne, ainneoin imeacht na mblianta agus athruithe móra sa saol. Shílfeá nach taise don chnuasach seo é agus bunáite ceithre scór bliain caite ó céadfhoilsíodh an t-ábhar ... ach má tá féin, is fada linne deis a léite a fháil!

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ