Maraíodh duine amháin nuair a thuairt eitleán beag príobháideach i bpáirc gar d'Aerfort Phort Láirge go gairid roimh am lóin inniu.
Eitleán dé-inneallach Vulcanair P68C a bhí inti gan ar bord ach an píolóta.
Is i Lios Fhaoláin siar ó dheas ó Aerfort Phort Láirge a tharla an tionóisc.
Bhí an t-eitleán ar a bealach as Sligeach go Béziers i ndeisceart na Fraince.
Tuigtear gur bhain míthapa don árthach amach ó chósta theas na hÉireann agus go raibh an píolóta ag féachaint le tuirlingt in Aerfort Phort Láirge nuair a tharla an tubaiste.
Tá fiosrúchán ar bun faoinar tharla ag an Aonad um Imscrúdú Aerthionóiscí i gcomhar leis na seirbhísí éigeandala agus ag Údarás Eitlíochta na hÉireann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ