Tugadh fear 25 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Chorcaí inniu agus é cúisithe i ndúnmharú a mháthar agus in ionsaí a dhéanamh ar a athair ar bhain díobháil dó dá bharr.
Sádh an lánúin phósta, Stella agus Brian Gallagher, in eastát Mhulláin Shrewsbury i mBaile an Locha i ndeisceart chathair Chorcaí ag thart ar 9 a chlog oíche Dé Luain seo caite.
Fuair na seirbhísí éigeandála Stella Gallagher ar an tsráid taobh amuigh de theach cónaithe na lánúine agus í gortaithe go han-dona.
Tugadh í chuig Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh ach bhásaigh sí ansin go gairid ina dhiaidh sin.
Deirtear go bhfuil bail sheasmhach ar Brian Gallagher san ospidéal céanna, cé go bhfuil sé go dona tinn i gcónaí.
Is é David Gallagher as Mulláin Shrewsbury an té a tugadh os comhair cúirte inniu.
Thug Garda le fios sa chúirt nach ndúirt an cúisí aon ní nuair a cuireadh na cionta ina leith.
Cuireadh David Gallagher siar faoi choinneáil agus d'ordaigh an Breitheamh John King measúnú práinneach síciatrach a dhéanamh air a luaithe a thabharfaí chun an phríosúin é.
Tabharfar David Gallagher os comhair na cúirte arís seachtain ó amárach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ