I nDáil Éireann, ritheadh rún a bhí curtha síos ag páirtithe an fhreasúra ag éileamh ar an Rialtas an Bille um Chríocha faoi Fhorghabháil a chur os comhair na Dála gan mhoill agus é a achtú faoi dheireadh na bliana.
Níor chuir an Rialtas in aghaidh an rúin a bhí curtha síos ag Pobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht agus ar thacaigh páirtithe eile an fhreasúra leis.
De réir an bhille, atá idir chamáin le blianta fada, chuirfí cosc ar earraí a iompórtáil ó áitribh Iosraelacha sna críocha Palaistíneacha. Coir a bheadh ann iarracht a dhéanamh earraí ó na háitribh mhídhleathacha sin a thabhairt isteach sa tír seo.
Tá an freasúra ag iarradh cosc a chur ar sheirbhísí ó áitribh Iosraelacha chomh maith le hearraí, ach níl sé sin curtha san áireamh sa bhille mar atá sé.
Ina dhiaidh sin féin, níl deireadh ráite faoin gceist sin agus is cosúil go bhfuil an Rialtas fós ag breathnú air.
Sa Dáil inniu, dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne cé gur mhian leis an Rialtas cosc a chur ar sheirbhísí ó áitribh Iosraelacha, chomh maith le hearraí, nár mhór a bheith cinnte de nach bhféadfaí foráil mar é a chur ar neamhní i gcúirt éigin.
Níl aon bhunús leis an argóint liom leat sin, a dúirt an Teachta Dála Richard Boyd Barrett ó Phobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht, ó tá sé ráite ag an Ard-Aighne agus coiste gnóthaí eachtracha an Oireachtais, arsa sé, go bhfuil bonn láidir dlíthiúil faoi chosc a chur ar sheirbhísí chomh maith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ