Tá foláireamh buí sneachta agus leaca oighir fógartha ag na meitéareolaithe in aon chontae dhéag sa chuid thuaidh den tír, mar atá, an Cabhán, Muineachán, Liatroim, Sligeach, Dún na nGall agus sé chontae an Tuaiscirt.
Tháinig feidhm leis an bhfóláireamh ag an meán oíche aréir agus tiocfaidh deireadh leis ag an meán lae amárach.
Chomh maith leis an sneachta agus an leac oighir, beidh frasa flichshneachta agus clocha sneachta sna háiteanna sin, go háirithe ar thalamh ard.
Táthar ag comhairliú do dhaoine tiomáint go han-mhall, má chaithfidh siad tiomáint ar chor ar bith.
Mar leis an gcuid eile den tír, beidh idir cheathanna scaite geimhriúla agus thréimhsí gréine ann.
Féithuar seachas préachúil a bheas sé i gcaitheamh an lae agus cé gur idir trí chéim agus seacht gcéim a bheas an teocht beidh goimh aisteach sa ghaoth freisin.
Titfidh an teocht go sunstasach le dorchú an lae, áfach, agus d'fhéadfadh sí a bheith chomh híseal le trí chéim faoi bhun an reophointe in amanna.
Os a choinne sin, éireoidh an aimsir níos cineálta ón Aoine ar aghaidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ