skip to main content

Ardú 7.6% ar phragsanna tithe agus árasán le bliain

€380,00 an meánphraghas a bhí ar áras cónaithe go náisiúnta i mí Mheán Fómhair
€380,00 an meánphraghas a bhí ar áras cónaithe go náisiúnta i mí Mheán Fómhair

Tháinig ardú de 7.6% ar phragsanna tithe agus árasán sa dá mhí dhéag idir Meán Fómhair 2024 agus Meán Fómhair 2025, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Ardú de 5.3% a bhí i gceist i mBaile Átha Cliath agus ardú de 9.4% sa chuid eile den tír.

€380,00 an meánphraghas a bhí ar áras cónaithe go náisiúnta i mí Mheán Fómhair ach bhí an-éagsúlacht sna praghsanna ó áit go háit.

€675,000 an meánphraghas ab airde a íocadh ar áras cónaithe i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus €190,000 an meánphraghas ab airde a íocadh i nDún na nGall.

Fágann na figiúirí is deireanaí go bhfuil árais chónaithe 23% níos daoire ná mar a bhí in 2007 nuair a bhí an margadh tithíochta i dtuile a ratha agus 174.2% níos daoire ná mar a bhí i dtús 2013 nuair a bhí an tuile úd ina lag trá.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ