skip to main content

Eoraifís: An Ostair ag achainí ar gach tír a bheith rannpháirteach

I Vín a bheas Eoraifís 2026 ar siúl
I Vín a bheas Eoraifís 2026 ar siúl

Tá sé ráite ag craoltóir seirbhíse poiblí na hOstaire ORF go bhfuil súil ag an eagraíocht go dtiocfar ar chomhréiteach faoi rannpháirtíocht Iosrael sa Chomórtas Amhrán Eoraifíse a bheas ar siúl i Vín an bhliain seo chugainn.

Tá sé tugtha le fios ag RTÉ agus craoltóirí sa Spáinn, sa tSlóivéin, san Íoslainn agus san Ísiltír go ndéanfaidh siad baghcat ar an gcomórtas má thugtar cead d'Iosrael a bheith rannpháirteach ann.

Tá craoltóirí sa Bheilg, sa tSualainn agus san Fhionlainn ag breathnú ar an gceist, a deir siad.

Dúirt Ard-Stiúrthóir ORF Roland Weissmann, más ea, go raibh sé ar theann a dhíchill ag iarraidh cur ina luí ar gach tír díobh páirt a ghlacadh sa chomórtas i mí na Bealtaine 2026.

Tá tráth na taidhleoireachta buailte linn, arsa sé.

Tá Aontas Craoltóireachta na hEorpa le vóta a chaitheamh ar an gceist an mhí seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ