skip to main content

Harris ceaptha ina Aire Airgeadais in áit Donohoe

Simon Harris: Tánaiste, Aire Airgeadais agus ceannaire Fhine Gael
Simon Harris: Tánaiste, Aire Airgeadais agus ceannaire Fhine Gael

Is é an Tánaiste agus ceannaire Fhine Gael, Simon Harris, atá ceaptha ina Aire Airgeadais ag an gComhrialtas tar éis do Paschal Donohoe ón bpáirtí sin éirí as an gcúram níos túisce inniu.

Tiocfaidh Helen McEntee in áit Simon Harris mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, agus tiocfaidh Hildegarde Naughton ina háit siúd mar Aire Oideachais agus Óige.

Is í Helen McEntee an chéad bhean riamh a ceapadh ina hAire Gnóthaí Eachtracha agus ina hAire Cosanta.

Ceapadh beirt Airí Stáit nua inniu chomh maith, mar atá, Emer Higgins agus Frank Feighan.

Is Fine Gaelaigh iad ar fad na daoine ar bronnadh cúraimí nua orthu inniu.

Fógraíodh ar maidin go raibh Paschal Donohoe ceaptha ina Stiúrthóir Bainistíochta agus ina Phríomhoifigeach Eolais sa Bhanc Domhanda, an dara post is sinsearaí san eagraíocht sin.

I nDáil Éireann, dúirt Simon Harris cé gur tháinig an scéala sin aniar aduaidh ar dhaoine nach gcuirfeadh sé isteach ar obair an Rialtais.

Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, ghuigh sí rath ar Paschal Donohoe ina phost nua ach cháin sí na polasaithe a chuir sé i bhfeidhm agus é ina Aire Airgeadais, an Buiséad deireanach go háirithe.

Dar le ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik go léiríonn imeacht tobann Paschal Donohoe go bhfuil easpa misnigh agus easpa treorach i measc Airí an Chomhrialtas.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ