Tá ordú tugtha ag an Ard-Chúirt an múinteoir meánscoile Enoch Burke a chur i bpríosún an athuair gan mhoill mar gheall ar an neamhaird atá sé a thabhairt ar ordú fanacht amach ó scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí.
Dúirt an Breitheamh Brian Cregan sa chúírt inniu gurbh é an straitéis a bhí ag Enoch Burke achrann a tharraingt, daoine a mhaslú agus bulaíocht a dhéanamh ar dhaoine.
In ainneoin gur gearradh fíneálacha air agus gur cuireadh gardaí slándála ar dualgas ag an scoil, arsa an breitheamh, dhiúltaigh Enoch Burke fanacht amach ón áit mar a ordaíodh dó.
Dúirt an breitheamh freisin go raibh dulagas ar Enoch Burke géilleadh don dlí, cosúil le gach saoránach eile, ach ina áit sin gur fhéach an múinteoir agus a theaghlach leis an mbonn a bhaint d'údarás na gcúirteanna.
Rinne muintir Burke ionsaí comhordaithe agus leanúnach ar riail an dlí sa tír seo, arsa an breitheamh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ