Tá an tAire Airgeadais Paschal Donohoe ó Fhine Gael le héirí as a chúraimí polaitíochta in Éirinn tar éis dó a bheith ceaptha ina Stiúrthóir Bainistíochta agus ina Phríomhoifigeach Eolais sa Bhanc Domhanda, an dara post is sinsearaí san eagraíocht sin.
Tá sé éirithe as a chúram mar Aire Airgeadais cheana féin agus éireoidh sé as mar Theachta Dála níos deireanaí an tseachtain seo.
Tuigtear go gceapfaidh an Rialtas Aire Airgeadais nua tráthnóna.
51 bliain d'aois atá Paschal Donohoe agus tá sé ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath Láir ó 2011.
Ceapadh é ina Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha in 2013 agus ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhliain dar gcionn.
Ceapadh é ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in 2016 agus ina Aire Airgeadais in 2017.
Mar lena phost nua, is é príomhchúram an Bhainc Dhomhanda iasachtaí ar rátaí ísle úis a chur ar fáil do thíortha atá i mbéal forbartha.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ