skip to main content

Aimsir shiocáin geallta as seo go hAoine

Ceannbhrat caol cuisneach ar chrann, agus tuilleadh de sin geallta as seo go hAoine
Ceannbhrat caol cuisneach ar chrann, agus tuilleadh de sin geallta as seo go hAoine

Deir Met Éireann go dtitfidh an teocht go suntasach tráthnóna inniu agus aermhais Artach ag déanamh a bealaigh trasna na tíre.

Beidh an chuid is mó den tír faoi shioc agus faoi leac oighir as seo go ceann cúpla oíche, beidh goimh sa ghaoth agus meastar go mbeidh an teocht chomh híseal le trí chéim faoi bhun an reophointe in amanna.

Beidh frasa sneachta ann freisin, go háirithe ar thalamh ard i dtuaisceart na tíre.

Flichshneachta agus clocha sneachta a thitfeas sa chuid eile den tír, de réir na meitéareolaithe.

Ardóidh an teocht ón Aoine amach ach tógfaidh aimsir fhliuch áit na haimsire siocáin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ