Maraíodh bean 59 bliain d'aois agus gortaíodh go han-dona a fear céile nuair a sádh iad gar dá dteach cónaithe i gcathair Chorcaí aréir.
Ionsaíodh Stella agus Brian Gallagher in eastát Mhulláin Shrewsbury i mBaile an Locha i ndeisceart na cathrach ag thart ar 9 a chlog aréir.
Fuair na seirbhísí éigeandála Stella Gallagher ar an tsráid taobh amuigh den teach agus í gortaithe go han-dona.
Tugadh í chuig Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh ach bhásaigh sí ansin go gairid roimh an meán oíche.
Deirtear go bhfuil bail sheasmhach ar Brian Gallagher san ospidéal, cé go bhfuil sé go dona tinn i gcónaí.
Tá fear 25 bliain d'aois gafa ag na Gardaí faoin ionsaí agus deir siad go raibh aithne aige féin agus ag an lánúin ar a chéile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ