Tugadh triúr fear os comhair cúirte i dtaca leis an luach €4.4m cannabais a dtángthas air agus a tógadh thar an deireadh seachtaine i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus i gCo.Chill Dara.
Tháinig na fir, atá ar fad sna tríochaidí os comhair Cúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir tráthnóna.
D'éirigh le Aonad Náisiúnta Drugaí an Gharda Síochána agus Oifigigh ón tSeirbhís Custaim na drugaí a thógáil Dé hAoine seo caite,14 Samhain.
Tá 5 chúis tugtha i gcoinne Stephen Allen (37) a bhfuil seoladh aige ag 36 Bóthar Mhullach Íde,Rath Éanaigh.
Baineann sé le €10,000 d'airgead tirim a bheith ina sheilbh chomh maith le lear cannabais nuair a thángthas air i dteach i Léim an Bhradáin,Co.Chill Dara.
Tá 2 chúis bainteach le cannabas a bheith ina sheilbh i gcoinne Karl Gavigon as 22 Plasóga an tSean Chaisleáin,Cluain Dolcáin.
Tá Josh Parkingson, a bhfuil seoladh aige ag 31 Céide Woodale,Baile Uí Chuilinn, Baile Átha Cliath 24 cúisithe freisin as cannabas a bheith ina sheilbh i gceantar Bhaile na Lobhar, Co.Bhaile Átha Cliath.
Cuirtear i leith an triúir go raibh sé i gceist acu an cannabas a dháileadh nó a dhíol.
Cuireadh siar faoi choinneáil iad agus tiocfaidh siad os comhair cúirte arís Déardaoin seo chugainn.