skip to main content

Príosún saoil ar bheirt as dúnmharú

Anthony Delappe (ar chlé) agus Mark Lee
Anthony Delappe (ar chlé) agus Mark Lee

Gearradh príosún saoil ar bheirt fhear as dúnmharú Josip Strok, fear 31 bliain d'aois ón Chróit ó dhúchas a hionsaíodh ar shráid i mBaile Átha Cliath anuraidh agus a bhásaigh ina dhiaidh sin san ospidéal.

Bhí an chúis séanta ag Mark Lee (44), nach bhfuil aon sheoladh buan aige agus Anthony Delappe (19) ó Ascail Melrose i gCluain Dolcáin.

Fuarthas ciontach iad áfach an mhí seo caite sa dúnmharú a tharla ar an 30Márta 2024.

Fuarthas an triú fear,Conor Rafferty (21) as Clós Gráinseach an Chaisleáin neamhchiontach sa dúnmharú céanna.

Phléadáil an triúr díobh ciontach as cara leis an té a dúnmharaíodh,David Druzinec (29) a ionsaí ag an láthair chéanna, ar an dáta céanna.

Gearradh 6 bliana ar Lee agus 3 1/2 bliana ar Delappe as an ionsaí sin; gearrfar pionós ar Rafferty faoin ionsaí an tseachtain seo chugainn.