skip to main content

'Ní dócha go bhfoilseofar treoirlinte pleanála i 2025'-Calleary

An tAire Dara Calleary
An tAire Dara Calleary

Dúirt an tAire Gaeltachta,Dara Calleary nach gceapann sé anois gur i mbliana a fhoilseofar na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht.

Bhí sé ráite ag an Aire Calleary roimhe seo gur dhóigh leis go mbeadh na treoirlínte foilsithe am éigin i 2025.

In agallamh ar an gclár raidió de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta,Adhmhaidin dúirt sé go raibh díomá air faoi sin agus go leanfaidh sé lena bhrú ar an Aire Tithíochta,James Browne ionas go bhfoilseofar na treoirlínte chomh luath agus is féidir.

Thug an tAire Calleary le fios go bhfuil moill at fhoilsiú na dtreoirlínte mar go raibh an dream a bhí ag obair orthu ag plé freisin leis an bPlean Náisiúnta Tithíochta a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Dúirt sé freisin go bhfuil ról Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht le n-oibriú amach fós.

Faoi cheann 6 mhí anois a bheidh an fo-thoghchán do Ghaillimh Thiar ann ach dúirt an tAire nach mbeidh na toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta ann an tráth céanna sin.

*RTÉ Raidió na Gaeltachta foinse an scéil seo