skip to main content

Margadh déanta ag an Úcráin leis an Fhrainc

An margadh déanta
An margadh déanta

Tá comhaontú sínithe idir an Úcráin agus an Fhrainc i dtaca le heitleáin cogaidh.

'Comhaontú stairiúil' atá tugtha ag Uachtarán na hÚcráine,Volodymyr Zelenskyy ar an socrú atá déanta aige leis an Uachtarán Emmanuel Macron.

Faoin margadh nua ceannóidh an Úcráin suas le 100 eitleán Rafale ón Fhrainc le gur féidir léi a haerspás a chosaint níos fearr.

Comhaontú straitéiseach eitlíochta 10 mbliana é seo atá sínithe idir an bheirt cheannairí.

Tuairiscítear go bhfuil diaidh ar ndiaidh níos mó talún á thógáil ag an Rúis san Úcráin,más go mall féin é.

Maraíodh ar a laghad triúr aréir i réigiún Kharkiv in ionsaithe aeir a rinne aerfhórsa na Rúise.

Gortaíodh suas le 13, páistí ina measc.