skip to main content

Brú ar an Rialtas Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil a achtú

Ceannairí an Fhreasúra lasmuigh de Theach Laighean
Ceannairí an Fhreasúra lasmuigh de Theach Laighean

Tá brú sa bhreis tagtha ó inniu ar an Rialtas Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil a achtú roimh dheireadh na bliana seo.

Ag Nuachtagallamh i dTeach Laighean ar maidin tháinig ceannairí ó pháirtithe an Fhreasúra, cúigear san iomlán chomh maith leis an Seanadóir Frances Black le chéile agus d'fhoilsigh siad comhrún ina leith seo.

B'iad ceannaire Shinn Féin,Mary Lou McDonald;ceannaire an Lucht Oibre,Ivana Bacik; ceannaire na nDaonlathach Sóisialta,Holly Cairns;ceannaire Pobal Seachas Brabach,Richard Boyd Barrett;agus ceannaire Chomhaontas Glas,Roderick O'Gorman a sheas le Frances Black inniu.

D'iarr siad araon nach iad earraí amháin a thiocfadh faoi smachtbhannaí trádála ach seirbhísí freisin.

Pléifear an comhrún seo sa Dáil arú amárach.

Tá an freasúra ag maíomh le tamall anois go bhfuil an Rialtas go breá lena chuid briathra ar an cheist seo ach go bhfuil sé ag tarraingt na gcos maidir le gníomh.

Deir an freasúra go gcaithfear teachtaireacht láidir a thabhairt d'Iosrael nach bhfuil aon ghlacadh ag pobal na hÉireann maidir lena bhfuil ar bun aige i Gaza ná an Bruach Thiar.