skip to main content

Fear fós á cheistiú faoi bhás i gCorcaigh

Láthair ag ar sáthadh Mark O'Connell
Láthair ag ar sáthadh Mark O'Connell

Tá fear 55 bliain d'aois fós á cheistiú ag gardaí maidir le bás fir eile i gcathair Chorcaí go moch ar maidin inné.

B'amhlaidh a sáthadh Mark O'Connell, fear 38 bliain d'aois le linn achrainn i dteach cónaithe i gceantar Chnoc an Chuilinn sa chathair.

Glaodh amach ar na gardaí chuig an teach thart ar leath uair tar éis a 4.

Tháinig siad ar Mark O'Connell gortaithe go dona ach ní raibh sé gan aithne gan urlabhra.

Fograíodh a bhás in Ospidéal Ollscoil Chorcaí ina dhiaidh sin áfach.

Cuirfear scrúdú iarbháis air níos deireanaí inniu.

B'as Fearann an Rí sa chathair Mark O'Connell ó dhúchas.

Tá an fear atá gafa á cheistiú faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil.