skip to main content

Bóthar Bhaile Átha Fhirdia oscailte arís i ndiaidh an uafáis

An cúigear a maraíodh go tragóideach
An cúigear a maraíodh go tragóideach

Tá an bóthar ar Bhaile Átha Fhirdia oscailte arís tráthnóna i ndiaidh an scrúdaithe dlíeolaíoch a bhí á dhéanamh de bharr na timpiste uafásaí ansin san oíche Dé Sathairn.

Tá na gardaí fós ag iarraidh a dhéanamh amach céard go baileach ba chúis leis an timpiste sin lámh le Dún Dealgan,Co.Lú inar maraíodh cúigear.

Gardaí near the scene of a crash in county Louth
An bóthar glanta ansin arís tráthnóna

Sin iad: Chloe McGee (23) as Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineachán, Alan McCluskey (23)as Droim Conrach, Co. na Mí, Dylan Commins (23) as Baile Átha Fhirdia, Co. Lú ; Shay Duffy (21) as Carraig Mhachaire Rois, Co Mhuineachán agus Chloe Hipson (21)as Lanarkshire in Albain.

Tá pobail in oirthuaisceart na tíre faoi scáth an bhróin go láidir i ndiaidh na timpiste seo inar gortaíodh triúr eile freisin.

Dúradh paidreacha ar son na marbh i Séipéal Naomh Seosamh i gCarraig Mhachaire Rois,Contae Mhuineachán ar maidin,áit a ndúirt an Moinsíneoir, Shane McCaughey le gach a raibh i láthair go raibh scamall mór dobróin i ndiaidh titim ar an phobal ansin.

Garda at the scene on the L3168 just outside Dundalk, Co Louth
Na gardaí i nDún Dealgan i mbun fiosraithe

Ba go gairid tar éis a 9 a chlog san oíche Dé Sathairn a tharla an timpiste seo nuair a bhuail carr Volkswagen agus Toyota Land Cruiser faoina chéile.

Maraíodh cúigear den seisear a bhí ag taisteal sa Volkswagen.

Tugadh duine eile a bhí sa charr céanna chuig an ospidéal i nDroichead Átha ach ní shíltear go bhfuil sé go han-dona tinn.

Bhí an bheirt a bhí ag taisteal sa Toyota ina gcuid fichidí freisin, agus tugadh iadsan freisin chuig ospidéal Dhroichead Átha, iad gortaithe ach gan iad bheith i mbaol a mbáis.

Cuirfear scrúdú iarbháis ar choirp an chúigir as seo go ceann roinnt laethanta.

Tá Gardaí ag iarraidh ar aon duine a d'fhéadfadh bheith ina fhinné nó a bhfuil físeáin ó cheamara daise agus a bhí sa cheantar idir 830 agus 915 oíche Dé Sathairn dul i dteagmháil le Gardaí Dhún Dealgan ar 042 938 8400, le Líne Rúnda an Gharda ar 1800 666 111, nó le stáisiún Garda ar bith.