skip to main content

'An t-antoisceachas ag láidriú'-Taoiseach

Lá mór eile ag na gardaí sa Teampall Mór
Lá mór eile ag na gardaí sa Teampall Mór

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh iarrachtaí eagraithe ar bun anois leis an t-antoisceachas polaitiúil a chur chun cinn sa tír seo.

'Ní gníomhartha tobann aonair atá i gceist a thuilleadh' a dúirt sé in iarrachtaí atá á ndéanamh chun an Stát a threascairt.

'Tá méadú ag teacht ar an bhfuath atá á léiriú ar-líne' a dúirt sé 'agus dóibh siúd atá i mbun ionadaíochta sa saol poiblí.

'Bagairt mhór don sochaí é seo' a dúirt an Taoiseach 'agus is díol mhór imní é'.

Bhí Micheál Martin ag labhairt ag searmanas bhronnadh na ndindiúirí ar bhaill den Gharda Síochána sa Teampall Mór inniu.