Gearradh téarma príosúnachta 4 bliana inniu ar fhear 51 bliain d'aois as tiomáint chontúirteach a bheith ar bun aige a raibh bás fir eile mar thoradh air i gContae Dhún na nGall trí bliana ó shin.
Thiomáin Shaun Duffy ar an taobh mícheart de bhóthar an N13 i nGléib Sháráin, an 5ú Iúil 2022 agus bhuail a charr i gcoinne veain a bhí á thiomáint ag Mervyn McClure (70).
Bhásaigh McClure san ospidéal ina dhiaidh sin de thoradh na timpiste.
Tá Shaun Duffy curtha den bhóthar freisin ar feadh 10 mbliana.
I dtástáil a rinne gardaí air i ndiaidh na timpiste léiríodh go raibh sé faoi thionchar an óil.
Níorbh é an chéad uair ag Duffy a bheith ciontach ina léithid de choir, ciontaíodh 6 huaire eile é roimh lá na tragóide seo.