skip to main content

Deireadh ré don Leas-Ard Eaglais i mBaile Átha Cliath

Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath Dermot Farrell
Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath Dermot Farrell

Sí an Leas-Ard Eaglais i mBaile Átha Cliath, an Ard Eaglais Oifigiúil Caitliceach i mBaile Átha Cliath as seo amach.

Sin mar gheall ar athrú stádais atá ceadaithe ag an bPápa Leo.

Beidh athrú i gceist leis an ainm dá réir.

Ard-Eaglais Mhuire a bheidh uirthi feasta.

Ní bheidh 'pro' san ainm i mBéarla a thuilleadh.

Tógadh foirgneamh na hard-eaglaise ar Shráid Mhaoilbhríde in 1825.

Ba shocrú sealadach a bhí ann ag an am mar a léiríonn an focal laidine 'Pro Tempore' (Sealadach).

Sin is bunús leis an ainm Leas-Ard Eaglais mar atá tugtha uirthi le 200 bliain.

Bhí sé i gcónaí i gceist ard-eaglais eile a thógáil ina dhiaidh sin, rud nár tharla riamh áfach.

Mar chuide den cheiliúradh 200 bliain a bhunaithe anois atá stádas nua bronnta ag an bPápa Leo ar an leas Ard-Eaglais mar a bhí.

Tá sé i gceist roinnt mhaith forbartha a dhéanamh ar an láthair ó fuair siad cead pleanála ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le gairid.

Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath,Dermot Farrell a rinne an fógra le linn an Aifrinn san Eaglais ar maidin