skip to main content

Scrúdú iarbháis ar chorp fir a fuarthas i nDún Dealgan

An láthair a bhfuarthas an corp
An láthair a bhfuarthas an corp

Tuigtear go gcuirfear scrúdú iarbháis níos deireanaí inniu ar chorp fir a fuarthas lasmuigh de theach i gContae Lú.

Díreach i ndiaidh a 8 a'chlog maidin inné a fuarthas an corp in eastát tithíochta i nDún Dealgan.

Fear sna tríochaidí atá i gceist.

Bhí gardaí ar an láthair agus tugadh an corp chun bealaigh chomh fada le hOspidéal Naomh Muire Lourdes i nDroichead Átha.

Is ansin a dhéanfar an scrúdú iarbháis, agus déanfaidh gardaí cinneadh ansin maidir le cén cineál fiosrúcháin a dhéanfaidh siad.

Rinneadh scrúdú teicniúil freisin ar an láthair ina bhfuarthas an corp.

Tá na gardaí ag iarraidh ar an bpobal teacht chun cinn le haon eolas a bheadh acu i dtaobh an scéil seo.

Is i Stáisiún Dhún Dealgan atá an príomhionad fiosraithe don chás seo.