skip to main content

Drochaimsir sa mhullach orainn

Báisteach throm ina díol contúirte do thiománaithe
Báisteach throm ina díol contúirte do thiománaithe

Tá báisteach throm, baol tuilte agus gaoth láidir geallta do chuid mhaith ceantar sa tír inniu agus i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Stoirm Claudia amuigh san Aigéan Atlantach faoi ndear cuid mhaith den doineann a deir oifig Met Éireann.

Tá stádas flannbhuí báistí i bhfeidhm inniu ó mheánlae amach do chontaetha Bhaile Átha Cliath,Loch Garman agus Chill Mhantáin.

Deirtear go bhféadfadh fuarlaigh móra a bheith in áiteanna áirithe.

Beidh cúrsaí taistil contúirteach freisin agus iarrtar ar thiománaithe a bheith cúramach.

Leanfaidh an stádas flannbhuí seo go dtí a 8 a chlog maidin amárach.

Deirtear gurb iad na tailte arda agus ceantair ar bheagán foscaidh is measa a bheidh buailte.

Tá stádas buí báistí eisithe freisin do 13 contae agus fanfaidh sé sin i bhfeidhm go dtína 9 a'chlog maidin amárach.

I gceist leis sin tá Ceatharlach,Baile Átha Cliath,Cill Dara, Cill Chainnigh,Lú, An Mhí, Loch Garman,Cill Mhantáin,Corcaigh, Ciarraí, Luimneach,Tiobraid Árann agus Port Láirge.

Arís iarrtar ar thiománaithe a bheith cúramach.

Anuas ar sin tá foláireamh gaoithe stádas buí eisithe do Chontaetha Bhaile Átha Cliath,Lú, na Mí, Loch Garman agus Chill Mhantáin.

Ó mheánlae inniu go dtí 4 a'chlog maidin amárach an tréimhse atá luaite leis sin.

Tá fainic curtha ag Bord Soláthar an Leictreachais freisin ar dhaoine a bheith cúramach sa chás is go mbíonn línte aibhléise leagtha.

Iarrtar ar dhaoine freisin a bheadh ag úsáid modhanna taistil poiblí súil a choinneáil ar amchláir ar fhaitíos go mbeadh seirbhísí curtha ar ceal.