I gCúirt Chuarda Phort Laoise inniu gearradh téarma príosúnachta 6 bliana agus 9 mí ar fhear as ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar dheirféar na mná a raibh sé pósta léi.
Ciontaíodh Thomas Howard, iar-réiteoir leis an gCumann Lúthchleas Gael as na hionsaithe seo a rinne sé ar Maeve Leahy, nach raibh ina leanbh óg ag an am.
Bhí Maeve Leahy sásta go n-ainmneofaí í le go bhféadfaí a huncail céile a ainmniú freisin.
Dúirt sí go mbeadh sí in ann dul ar aghaidh lena saol anois ó bhí 'ceart agus cóir faighte aici'.
4 bliana a bhí sí i lár na n-ochtóidí nuair a thosaigh na hionsaithe seo ar dtús agus lean siad ar feadh 10 mbliana.
Phléadáil Howard (79), as Sean Chill Chuillinn,Co.Chill Dara ciontach as roinnt cúiseanna i dtaca le caidrimh gnéis míchuí, trí theacht i dtír ar shoineantacht an chailín óig agus trí bheith bagartha ar uairimh ag lorg an chaidrimh collaí.
Tharla roinnt de na coireanna tráth a mbíodh ainm Thomas Howard i mbéal an phobail a bhuíochas dá chuid réiteoireachta ar chluichí idirchontae peile; ba é a bhí ina réiteoir ar chluiche ceannais Uile Éireann i 1993.
Ina ráiteas tionchair íospartaigh dúirt Maeve Leahy gur fhág na hionsaithe í i ndroch-chaoi agus gur dheacair di aon chaidreamh ceart nádúrtha a bheith aici féin dá mbarr.
Ghabh sí buíochas lena ndaoine muinteartha féin ar chur na hionsaithe alltacht orthu ach a thug an-tacaíocht di féin ina dhiaidh sin.
Ghearr an Breitheamh Sinéad McMullen 8 mbliana agus 3 mhí príosún ar Howard, ach rinneadh an pionós a mhaolú go 6 bliana agus 9 mí.