skip to main content

Bille caiteachais sínithe i SAM

An bille sínithe ag an Uachtarán Trump
An bille sínithe ag an Uachtarán Trump

Sna Stáit Aontaithe tá bille caiteachais sínithe ag an Uachtarán Donald Trump.

Tá seo déanta chun go bhfeidhmeoidh an Rialtas arís agus deireadh a chur leis an easpa feidhme is faide riamh i stair na Stát Aontaithe.

Tá go leor seirbhisí rialtais gan feidhm ansin le 43 lá.

Tá an scoilt idir na Daonlathaigh agus na Poblachtánaigh faoi chaibideal go mór freisin toisc an ciontóir gnéis Jeffrey Epstein.

Caithfear vóta an tseachtain seo chugainn i dTeach na nIonadaithe chun a thuilleadh doiciméad a fhoilsiú faoi Epstein.