Tá a leithscéal gafa ag Ospidéal Ginearálta Loch Garman le teaghlaigh mná scothaosta a bhásaigh san ospidéal níos luaithe i mbliana.
Tagann sé sna sála ar fhiosrúchán inmhéanach faoi ghearán a dhein teaghlach na mná toisc ná ceadaíodh dóibh arís agus arís eile cuairt a thabhairt ar an mbean san ospidéal.
Chomh maith leis sin chuir an t-oispidéal ar an taifeadadh go raibh ball den chlann i láthair nuair a bhásaigh an máthair, rud ná raibh fíor.