Tá bean, a bhfuil ballraíocht aici i Sinn féin díbrithe anois ón bpáirtí.
Baineann sé lena páirtí a bheith gafa mar chuid de fhiosrúchán gardaí faoi ghníomhartha antoisceach atá i bhfad ar thaobh na heite deise.
Gabhadh a páirtí fir ar maidin inné agus tá sé á choinneáil faoi Alt a 30 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit.
Baineann an fiosrúchán le bagairtí a rinneadh ar fhístéip go ndéanfaí ionsaithe ar mhosc i gCo.na Gaillimhe agus ar ionaid d'inimircigh in áiteanna eile sa tír.
I ráiteas ó Shinn Féin inniu dheimhnigh an páirtí gur dibríodh an bhean as an bpáirtí mar nár chuir sí an páirtí ar an eolas gur chuardaigh na gardaí a teach cónaithe i gcás tromchúiseach dá léithid.
Mhol Cathaoirleach Náisiúnta Shinn Féin,Declan Kearney obair na ngardaí sa bhfiosrúchán seo agus dúirt nach gceadófaí d'aon antoisceach i bhfad ar thaobh na heite deise tionchar a imirt ar an bpáirtí.
Dúirt Sinn Féin freisin nach raibh aon bhaint ag páirtí na mná leis an bpáirtí.
Tugadh beirt eile os comhair na cúirte an tseachtain seo caite mar chuid den fhiosrúchán céanna.
Tá an bheirt sin curtha siar faoi choinneáil.