Is é Easpag Dheoise Osraí,Niall Coll an t-easpag nuacheaptha ar Dheoise Ráth Bhoth.
Fógraíodh a cheapachán in Ard Eaglais Naomh Eamhnán i Leitir Ceanainn ar maidin.
Is é an chéad cheapachán do dheoise in Éirinn atá déanta ag an bPápa Leo ó toghadh é i mí na Bealtaine seo caite.