Tá droch-aimsir geallta as seo go ceann cúpla lá i gcuid mhaith contaetha, go háirithe in oirthear agus i ndeisceart na tíre.
Tá rabhadh báistí oráiste eisithe do chontaetha Bhaile Átha Cliath,Loch Garman agus Chill Mhantáin.
Ón 2 a' chlog amárach go maidin Dé Sathairn a bheidh an rabhadh sin i bhfeidhm.
Tá rabhadh buí báistí i bhfeidhm do suas le 7 gcontae sa deisceart chomh maith le contaetha Chill Dara,Lú agus na Mí.
Chomh maith leis sin tá rabhadh buí gaoithe i bhfeidhm do Bhaile Átha Cliath agus contaetha Lú,Loch Garman agus Cill Mhantáin.
Beidh sé sin i bhfeidhm ó mheánlae amárach go moch ar maidin Dé Sathairn.