Tá an plean nua tithíochta atá ag an Rialtas ag gealladh go dtógfar 300,000 teach as seo go 2030.
Foilsíodh an plean inniu.
Deir an Rialtas gur togra réalaíoch é seo agus go n-éireoidh leis a bhuíochas don rannóg phoiblí agus phríobháideach a chur ag obair go héifeachtach le chéile.
Tá sé i gceist go mbeadh 72,000 teach sóisialta ar fáil sa tréimhse atá leagtha amach.
Cuirfear €4m i leataobh do chomhlachtaí beaga le tithe a thógáil
Tá 90,000 teach freisin geallta dóibh siúd a bheadh ag ceannacht don chéad uair.
Tá sé i gceist suas le 20,000 teach atá fágtha tréigthe thabhairt ar ais in úsáid agus beidh tuilleadh deontais i gceist chuige sin.
Tá €100m d'airgead caipitil á chur ar fáil ag an Rialtas féachaint le dul i ngleic le fadhb na heaspa dídine agus chun cabhrú leo siúd is faide atá ar an liosta feithimh tithíochta.
Deir an Rialtas freisin go bhfuil plean aige i dtaca le cúrsaí tithíochta i gceantair Ghaeltachta freisin cé nach bhfuil aon sonraí ar fáil ina thaobh seo go fóill.
Tá sé ráite ag an Rialtas go mbeidh sé i dteagmháil le Údarás na Gaeltachta ina leith seo.
Deir páirtithe an fhreasúra nach bhfuil anseo ach an seanphlean tithíochta i gcló nua agus nach bhfuil bealach ar bith a réiteoidh sé géarchéim na tithíochta.
Tá siad cáinteach freisin faoi nach bhfuil aon sprioc bliantúil leagtha síos ag an Rialtas i dtaca leis an méid tithe a thógfar.
Tá an ghné sin den phlean cosanta ag an Taoiseach Micheál Martin.