Thug an tUachtarán Catherine Connolly ugach do pháistí scoile leanacht orthu ag foghlaim na Gaeilge.
Bhí sí ar a céad chuairt phoiblí inniu ó insealbhaíodh í go hoifigiúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inné.
Ba ar Ghaelscoil Inse Chór i gContae Bhaile Átha Cliath a tugadh an chuairt sin agus bhuail sí leis na páistí scoile.
Cuireadh na múrtha fáilte roimpi féin agus a fear céile,Brian McEnery.
Agus ansin óna beola a tháinig na briathra is binne le haon pháiste scoile a chloisteáil.
'Níl aon obair bhaile agaibh anocht', a dúirt an tUachtarán.
Is cróga an múinteoir a sháródh é sin.
Tá an tUachtarán i gContae na Mí ar ball agus tabharfaidh sí cuairt ar ionad acmhainní teaghlaigh i mBaile Átha Throim.
Bhí sí ansin cheana le linn a feachtas uachtaránachta.