skip to main content

Plean Tithíochta le dul os comhair na nAirí

Plean Tithíochta le dul os comhair na nAirí
Plean Tithíochta le dul os comhair na nAirí

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcreideann sé go mbeidh Plean Náisiúnta Tithíochta an Rialtais atá ag dul os comhair na nAirí ar maidin ar an bplean is fearr fós ó thaobh na hinfheistíochta i dtithe cónaithe dhe.

Tá sé i gceist faoin bplean go mbeadh 300,000 teach nua againn sa tír as seo go ceann 5 bliana.

Tá an Rialtas le €100m a infheistiú ionas go mbeifear ábalta tithíocht a chur ar fáil don dream is faide ar an liosta i dtús báire.

Tá súil ag an Rialtas go réiteoidh sé seo an fhadhb maidir le teaghlaigh agus páistí gan dídean.

Gheobhaidh an Ghníomhaireacht Forbartha Talún (LDA) €2.5bn breise agus beidh úsáid níos forleithne á baint ag údaráis áitiúla as orduithe ceannaithe éigeantach le tithe nach bhfuil in úsáid a cheannach.

Má ghlacann na hairí leis an bplean inniu foilseofar é amárach.

Deir lucht an fhreasúra áfach gur ag cur leis an ngéarchéim tithíochta atá an Rialtas i gcónaí agus nach n-athróidh an polasaí nua seo aon ní.