Ni fhéadfadh aon amhras bheith ar an bpobal faoin áit a bheidh ag an nGaeilge i saol agus in obair an Uachtaráin Connolly.
Ina haitheasc insealbhaithe, dúirt Catherine Connolly nach "sa chúinne, á labhairt go h-íseal a bheidh an Ghaeilge san Áras, ach sa chéad áít mar theanga oibre agus beidh sí á labhairt ar fud na tíre go misniúil, go fileata go ceolmhar faoi mar atá cloiste agam agus mé ar fud na tíre.
Chuaigh sí i muinín an mhana ó aimisir na hathbheochana nuair a dúirt sí gur "tír gan teanga tír gan anam agus is fíor sin"
"Nuair atá teanga loite," a dúirt sí, "ní féidir leis an tír nó aon tír, a mianta, a luachanna nó a spiorad a chur in iúl."
San aitheasc, dúirt sí gur cuireadh ár dteanga, teanga ársa ár sinsir, teanga ina bhfuil spiorad ár sinsir agus nadúr na tíre le mothú i ngach uile focal, sa dara áit gan meas nó ómos tughta di.
Ag an ócáid ceiliúrtha in Áras an Uachtaráin tar éis an insealbhaithe, d'impigh sí ar a raibh i láthair an Ghaeilge a fhoghlaim, ní mar gheall ar iachall bheith orthu sin a dhéanamh, ach mar bhua dóibh féin agus mar bhealach chun an saol a fheiceáil trí shúile eile.
Ó thosaigh feachtas Catherine Connolly don uachtaránacht i rith an tsamhraidh, tá an teanga féin agus tagairtí don teanga fite fuaite aici ina cuid ráiteas agus agallamh.
Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a sheol sí a feachtas go hoifigiúil, agus ar an stáisiún céanna coicís ó shin a thug sí an chéad agallamh do na meáin tar éis a bua sa toghchán. I rith Oireachtas na Samhna, i mBéal Feirste a thug sí an t-agallamh sin, agus chaith sí cúig lá san iomlán ag freastal ar an bhFéile sin.
Beidh cuairt ar Ghaelscoil ar cheann de na chéad imeachtaí oifigiúla dá seal in oifig.